Seo é leabhar frásaí Lexicelt áit ar féidir an Bhreatnais a fheiceáil, a chluinstin agus a chleachtadh, agus áit ar féidir ullmhú do thuras chun na Breataine Bige.

 

Roghnaigh téama ón liosta ar chlé. Tiocfaidh tú ar na céadta frásaí Breatnaise ar féidir éisteacht leo trí chliceáil ar an deilbhín callaire. Chun cuidiú leat cuimhneamh orthu is féidir na frasaí Gaeilge nó na haistriúcháin Bhreatnaise a fholú. Tiocfaidh tú ar eolas faoi chultúr na Breataine Bige agus ar naisc le haghaidh suímh Ghréasáin eile chomh maith.

 

Ar dheis tá liosta focal úsáideacha agus aistriúcháin. Is féidir téama an fhoclóra a athrú tríd an roghchlár anuas, agus is féidir é sin a dhéanamh go neamhspleách ar an phríomhthéama a roghnaíodh.

 

Má tá aon cheisteanna agat, scríobh chuig eolas@lexicelt.org le do thoil.

 

Baint sult as! – Mwynhewch!

 

 

Buíochas

Ba mhaith le foireann LEXICELT ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a thacaigh linn agus a chuidigh linn an suíomh seo a chruthú. Táimid buíoch de na daoine seo a leanas go háirithe:

Micheál Ó Murchú (Ollscoil Uladh), Áine Ní Bhriain agus Elaine Uí Dhonnchadha (Coláiste na Trionóide), na léitheoirí profaí agus, ar ndóigh, na cainteoirí Gaeilge agus Breatnaise atá le cluinstin ar an suíomh. Go raibh míle maith agaibh!